Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Báid a tógadh san am atá ar an fharraige go fóill. Tógadh bád do Éamonn Duibhir agus ceann do Willie Sweeney. Ghlac Frank Carr thar an clós agus tosaíodh ag déanamh báid níos mó. Dhruid an clós i 1980, an cúis le seo. Bhí scaifte mór ag obair ann san am, thart ar 40. Caide a rinne na daoine ansin nuair a dhruid sé. D'imigh cuid acu go tíortha eile, bhí bád aige féin agus thosaigh sé ag iascaireacht gliomach. D'oibir sé sna Cealla beaga. | 00:05:16 | |
D'oibir sé bliain sna Cealla beaga sular thosaigh sé ag obair le Frank Carr sa chlós bád, bhí 160 duine ann. Cur síos ar an chineál treallaimh a bhí acu, an obair a rinne siad agus na báid a thóg siad. | 00:03:01 | |
Thóg se féin cúpla bád ina shiopa féin, punt do fhear as Gaoth Dobhair, John O'Donnell agus ceann eile do fhear as Inis Bó Finne darbh ainmn Denis Coll. Thóg sé ceann do féin fosta, 28 troighe. Cur síos ar na huirlisí a d'úsáid sé agus an obair a rinne sé. Seoladh an bád. Cur síos ar thógáil bád agus curach fá na Dúnaibh. | 00:09:10 | |